Schooldays.ie - Ireland's Online Resource for Parents & Teachers

Parenting & Education in Ireland

Schooldays.ie - Ireland's Online Resource for Parents & Teachers

Parenting & Education

× Home Parents Associations About Us
.
Log in Register Forgot password? ×

16,000 books delivered to 21 schools


Posted by Schooldays Newshound, on 22/06/2022. 16,000 books delivered to 21 schoolsTags: Teachers


Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, today marked the final stage of the An Bosca Leabharlainne Artist in Residence scheme with the delivery of over 16,000 books to 21 schools across the country. In partnership with Foras na Gaeilge, this represents the culmination of the most ambitious children’s literature project ever undertaken in the Irish language.

The Artist in Residence Scheme

An Bosca Leabharlainne brought a curated selection of Irish language books to schools across the country. The Artist in Residence scheme was designed to complement those books and ensure that the stories and songs would come alive in schools. Schools have been working alongside their nominated Artist in Residence over the past three months to encourage a love of reading as gaeilge.

Today’s gift of books to schools is comprised of two elements – a selection of high quality Irish language books to enhance the schools’ own libraries; and a set of two books per child for them to take home and keep. The books were carefully chosen by Áine Ní Ghlinn to ensure that they would match the age and ability of each class group.

Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg, said,

‘I am so grateful to everyone who made An Bosca Leabharlainne possible and who helped to turn my dream into a reality. A special thank you to Foras na Gaeilge for the extra funding so that the schools who participated in the residency got extra books for the school library plus two take-home books for every child in the school. As well as enjoying the Bosca Leabharlainne in school, the book gifts meant that an element of the Bosca Leabharlainne went beyond the school gate into the children’s homes.

Let’s all keep working together so that children continue to enjoy reading as Gaeilge. ’


The theme of Áine Ní Ghlinn's laureateship is to encourage reading for pleasure in the Irish language, and to ensure that Irish language books are seen as something other than schoolwork by parents and children alike. The gift of books to individual students will mean each child in these 21 schools will have their very own leabhair Ghaeilge sa bhaile (Irish language books in the home)

An Bosca Leabharlainne was originally conceived as a starter library for schools across the country, many of whom would have few if any new Irish books in their own school libraries. With this gift to schools, Foras na Gaeilge have invested directly in a new generation of readers.

Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge said,

‘There is no better way to influence the development of the Irish language than to influence young people. This partnership with Children's Books Ireland and Laureate na nÓg, and this wonderful project, has given us the opportunity to present the best of Irish language literature to children across the island, and not only to have a positive impact on those children, but on their teachers and parents. Thanks to Áine Ní Ghlinn and Children's Books Ireland, who had the brilliant vision for the project, we have managed to go much further with An Bosca Leabharlainne than we initially imagined, and we are sure to see the impact of this work in the years to come.'

Schools that did not receive an Artist in Residence scheme were supported with a set of online workshops created by some of those artists, along with a detailed teacher’s handbook, Bímís ag Léamh, to encourage new approaches to the teaching of Irish language literature in schools. Both resources are available online at childrenslaureate.ie

#anboscaleabharlainne

Bronnann Laureate na nÓg agus Foras na Gaeilge 16,000 leabhar ar 21 scoil



Inniu (22 Meitheamh), rinne Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, comóradh ar an gcéim deiridh i scéim an Ealaíontóra Cónaithe de chuid An Bhosca Leabharlainne, nuair a cuireadh níos mó ná 16,000 leabhar amach chuig 21 scoil fud fad na tíre. Seo buaicphointe an togra is uaillmhianaí riamh i litríocht do pháistí as Gaeilge.

Scéim an Ealaíontóra Cónaithe

Thug An Bosca Leabharlainne leabhair Ghaeilge iomlán nua go scoileanna ar fud na tíre. Bhí Scéim an Ealaíontóra Cónaithe ceaptha cur leis na leabhair, trí na scéalta agus na hamhráin a thabhairt chun beatha sna scoileanna. Le trí mhí anuas, tá na scoileanna agus na hEalaíontóirí Cónaithe ag obair as lámha a chéile chun grá agus gean don léitheoireacht as Gaeilge a spreagadh sna daltaí.

Sna bearta leabhar a bronnadh inniu ar na scoileanna tá dhá chuid éagsúla: rogha de leabhair Ghaeilge ar ardchaighdeán chun cur le leabharlann na scoileanna féin, agus féirín de dhá leabhar do chuile pháiste le tabhairt abhaile leo féin le coinneáil. Roghnaigh Áine Ní Ghlinn í féin na leabhar go ceanúil cúramach, le bheith cinnte go dtiocfaidís le haois agus cumas na ranganna.

Dúirt Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg,

‘Mo mhíle buíochas le gach duine a chabhraigh leis an mbrionglóid a bhí agamsa a fhíorú. Buíochas ar leith tuillte ag Foras na Gaeilge as an maoiniú breise a chuir siad ar fáil le go bhféadfaimis cur le leabharlanna na scoileanna a bhí páirteach sna scéimeanna cónaithe agus le go bhféadfaimis na leabhair bhreise seo a bhronnadh ar na páistí.

Ar an gcaoi seo, ní hamháin go raibh deis ag na páistí taitneamh agus tairbhe a bhaint as an mBosca Leabharlainne ar scoil, ach leis na bronntanais bhreise, d’éirigh linn cuid éigin den Bhosca Leabharlainne a chur abhaile freisin.

Leanaimis orainn ag léamh agus ag cuidiú le páistí taitneamh agus spraoi a bhaint as leabhair Ghaeilge’


Séard atá mar téama ag Áine agus í ina Laureate ná an scíthléitheoireacht sa Ghaeilge a chur chun cinn, agus a chinntiú nach bhféachann tuismitheoirí ná páistí ar na leabhair Ghaeilge mar leabhair scoile, ach mar rud ar leith. Ciallaíonn na féiríní aonair go mbeidh a leabhair Ghaeilge féin sa bhaile ag gach dalta sa 21 scoil seo.

Ar dtús, bhí An Bosca Leabharlainne ceaptha bheith mar leabharlann bhídeach tosaigh do scoileanna fud na tíre nach raibh ach líon an-bheag leabhar Gaeilge acu cheana sa leabharlann scoile. Is ionann bronnadh na leabhar seo ag Foras na Gaeilge agus infheistíocht dhíreach i nglúin nua léitheoirí.

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge,

‘Níl aon bhealach níos fearr ann le tionchar a bheith againn ar fhorbairt na Gaeilge ná tionchar a bheith againn ar an aos óg. Tá an chomhpháirtíocht seo le Leabhair Pháistí Éireann agus Laureate na nÓg agus an tionscadal iontach seo i ndiaidh deis a thabhairt dúinn an chuid is fearr de litríocht na Gaeilge a chur i láthair pháistí ar fud an oileáin, agus tionchar dearfach a bheith againn, ní hamháin ar na páistí sin ach ar a múinteoirí agus ar dtuismitheoirí. A bhuí le hÁine Ní Ghlinn agus le Leabhair Pháistí Éireann, a raibh an fhís iontach acu don tionscadal, d’éirigh linn dul i bhfad níos faide leis an Bhosca Leabharlainne ná mar a bhí samhalta againn i dtús báire, agus is cinnte go bhfeicfimid toradh na hoibre seo sna blianta amach romhainn.’

Tacaíodh leis na scoileanna nach bhfuair Ealaíontóir Cónaithe trí shraith ceardlann ar líne curtha le chéile ag roinnt de na healaíontóirí féin a chur ar fáil, chomh maith le lámhleabhar tiubh tráthúil, Bímís ag Léamh, chun modhanna nua i dteagasc litríocht na Gaeilge sna scoileanna a chothú. Tá an dá acmhainn sin ar fáil ar líne ar childrenslaureate.ie

#anboscaleabharlainne


Comments

No documents found

Submit a comment

Please respect the terms of use of our discussion boards. Full terms here .
Email addresses are never displayed, but they are required to confirm your comments. When you submit your comment, you'll be sent a link to confirm it.
Name Email





;